15/11/2021
Acht an Gharda Síochána, 1977
Garda Síochána Act, 1977
Cothrom an lae seo ceithre bliana is daichead ó shin a achtaíodh Acht an Gharda Síochána, 1977. Chuir an reacht bonn dlí faoi Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána agus faoi Chumann Sháirsintí agus Chigirí an Gharda Síochána. Tá siad difriúil ó chomhlachtaí ionadaíocha na nGardaí Síochána a bhí ann roimhe sin, mar chomhlachais foirne atá neamhspleách agus saor chun a mbunreachtanna féin a dhéanamh, a dtoghcháin féin a eagrú agus a gcúrsaí féin a riaradh go ginearálta. Is é an phríomhfheidhm atá acu ná ionadaíocht a dhéanamh do chomhaltaí den Gharda Síochána i ngach ní a bhaineann lena leas agus lena n-éifeachtúlacht (lena n-áirítear pá, pinsin agus coinníollacha seirbhíse) (de réir Acht an Gharda Síochána 2005, alt 18(1), a tháinig in áit Acht 1977.) Achtaíodh den chéad uair freisin gurbh fhéidir leis an Aire cead a thabhairt do na comhlachais sin bheith i gceangal le duine nó le comhlacht lasmuigh den Gharda Síochána. Cé nár glacadh leis an gcéad éileamh a rinne na Gardaí, go ndéanfaí ceardchumainn díobh go iomlán, leis an gceart dul ar stailc, thug sé an bunús le haghaidh caidrimh thionsclaíoch sa réimse seo anuas go dtí an lá inniu.
http://achtanna.ie/ga.act.1977.0024.1.html
On this date forty four years ago the Garda Síochána Act, 1977 was enacted. It provided the basis for the Garda Representative Association and the Association of Garda Sergeants and Inspectors. In contrast to earlier representative bodies for the police, these are independent staff associations, free to adopt their own constitutions, hold their own elections and manage their own affairs generally. Their main function is "representing members of the Garda Síochána in all matters affecting their welfare and efficiency (including pay, pensions and conditions of service)" (Garda Síochána Act 2005 s 18(1), which has replaced the 1977 Act). Provision was also made for the first time for the Minister for Justice to authorize such associations to be associated with a person or body outside the Garda Síochána. While this fell short of meeting the Gardaí's initial demand for full trade union status, with freedom to strike, it laid the basis for industrial relations in this area down to the present.
http://www.irishstatutebook.ie/eli/1977/act/24/enacted/en/index.html